Launch of the 2025 Munster GAA Primary Game
In schools throughout Munster, boys and girls are eagerly awaiting the arrival of the Munster hurling and football Championships for it also heralds the start of the Munster GAA Primary Game.
Championship days in Munster, hurling or football, would not be complete without the exhibition games provided by boys and girls from the competing counties. Games will be played at half-time during each senior match in the Munster Championship.
This year’s Primary Game will see almost 500 boys and girls from all six counties of Munster line out in their county colours at Semple Stadium, Páirc Uí Chaoimh, Walsh Park and other venues throughout the province.
Played at half-time during Munster Championship games, The Munster GAA Primary Game gives sports-mad boys and girls the opportunity to wear their county jersey on Big Match Day, sharing the spotlight with their heroes on their “Field of Dreams” in front of huge crowds of ardent supporters.
Many children who made their inter-county debut in the Primary Game have gone on to greater things: Hurlers Nickie Quaid, Barry Nash, Declan Hannon and camogie stars Rebecca Delee, Caoimhe Costelloe and Orlaith Kelliher are among many Limerick players to have a Primary Game jersey stashed away carefully at home.
All Star Kerry footballer Tadhg Morley made his inter-county debut in the Primary Game as did David Clifford, Killian Spillane and other members of Jack O’Connor’s squad.
Tipperary star Noel McGrath first wore the blue and gold of the Premier County in the Primary Game as did Willie Connors and Ronan Maher. Republic of Ireland international footballer David Meyler has often spoken of the thrill of wearing the Cork jersey as part of the Primary Game team as did Cathal Heffernan, now plying his trade with Newcastle United.
“The emphasis in the Primary Game is on participation, enjoyment and making new friends,” says Tim Murphy, Chairman of the Munster Council.
Dave Collins, Chairman of Munster Cumann na mBunscol, emphasised the importance of the games: “This year’s Munster GAA Primary Game promise to be very exciting for all the children. Activities such as these are the lifeblood of our games.”
The launch of the 2025 Munster GAA Primary Game took place at Áras Mumhan, Newcastle, Castletroy, Limerick on Monday March 10th. Intercounty players in attendance included All-Ireland winning Kerry footballer Aoife Dillane, Limerick’s Aidan O’Connor, Darragh McCarthy of Tipperary, Waterford hurler Mark Fitzgerald and Limerick camogie star Sarah Cosgrove.
Seoladh Primary Game CLG na Mumhan 2025
I scoileanna ar fud na Mumhan, tá buachaillí agus cailíní ag tnúth go mór le tús Chraobhchomórtas Peile agus iománaíochta na Mumhan mar ciallaíonn sé sin go gcuirfear tús leis an Primary Game. Is cuid lárnach iad na cluichí seo de laethanta móra na gCraobhchomórtas san iománaíocht agus sa pheil agus tugann buachaillí agus cailíní ó na contaetha éagsúla atá san iomaíocht taispeántais den scoth dá scileanna ag leath-ama le linn gach cluiche sinsir i gCraobh na Mumhan.
I mbliana beidh thart ar 500 buachaill agus cailín ó gach ceann de na sé chontae i gCúige Mumhan amuigh ar an bpáirc i ndathanna a gcontae ag Staid Semple, Páirc Uí Chaoimh, Páirc an Bhreathnaigh agus páirceanna eile ar fud an chúige.
Ag leath ama le linn cluichí Chraobh na Mumhan, tugann Primary Game CLG na Mumhan deis do bhuachaillí agus do chailíní a ngeansaí contae a chaitheamh ar an Lá Mór, agus an spotsolas a roinnt lena laochra ar na ‘Goirt Órga’ os comhair sluaite ollmhóra de lucht tacaíochta.
Tá go leor páistí a thosaigh a n-aistear idirchontae sa Primary Game tar éis éacht a dhéanamh lena gContaetha ina dhiaidh sin: Tá iománaithe Nickie Quaid, Barry Nash, Declan Hannon agus na réaltaí camógaíochta Rebecca Delee, Caoimhe Costelloe agus Orlaith Kelliher i measc go leor imreoirí ó Luimneach le geansaí luachmhar acu ón Primary Game sa bhaile.
Thosaigh an peileadóir Tadhg Morley a aistear idirchontae sa Primary Game mar a rinne David Clifford, Killian Spillane agus baill eile d’fhoireann Jack O’Connor.
Chaith réaltaThiobraid Árann Noel McGrath gorm agus ór an Chontae sa Primary Game ar dtús mar a rinne Willie Connors agus Ronan Maher. Is minic a labhair peileadóir idirnáisiúnta na hÉireann David Meyler faoin onóír a bhaineann le geansaí Chorcaí a chaitheamh mar chuid d’fhoireann an Primary Game mar a rinne Cathal Heffernan, atá ag imirt anois le Newcastle United.
“Tá an bhéim sa Primary Game ar rannpháirtíocht, ar thaitneamh agus ar chairde nua a dhéanamh,” arsa Tadhg Ó Murchú, Cathaoirleach Chomhairle na Mumhan.
Chuir Dave Collins, Cathaoirleach Chumann na mBunscol, béim ar thábhacht na gcluichí: “I mbliana, beidh Primary Game CLG na Mumhan mar ócáid an-spreagúil do na páistí go léir. Is iad imeachtaí den sórt seo atá mar chroílár ár gcluichí.”
Seoladh Primary Game CLG na Mumhan 2025 in Áras Mumhan, An Caisleán Nua, Caladh an Treoigh, Luimneach ar an Luan, 10. Márta. I measc na n-imreoirí idirchontae a bhí i láthair bhí Aoife Dillane, peileadóir Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann, Aidan O’Connor as Luimneach, Darragh McCarthy as Tiobraid Árann, an t-iománaí as Port Láirge Mark Fitzgerald agus an réalta camógaíochta as Luimneach Sarah Cosgrove.